Plean na Bliana
Meán Fómhair
- Lá traenála
- Bunaíodh an coiste nua
Deireadh Fómhair
- Tosaíodh ar fhograí trí ghaeilge a chur ar an idirchum le comhoibriú ón bPríomhoide agus ón Leas Phríomhoide
- Díolachán Císte eagraithe ag Lucht na hIdirbhliaina.
- Crochadh suas Fís don Ghaeilge thart timpeall na scoile (cumtha ag daltaí ón séú bliain)
- Litreacha tacaíochta a fháil
Mí na Samhna
- Rinneadh suirbhé ar thábhacht na Gaeilge sa scoil
- Páirt a ghlacadh i nGaeilge 24 (lucht na hIdirbhliana)
- Maidin Caifé le Gaelcholáiste an Chláir (b’fhéidir Mí na Nollag)
Mí na Nollag
- Beidh ceolchoirm ar siúl i Mí na Nollag, leis an téama ‘Fleadh Down in Ennis). Beidh damhsa seit agus céime, amhráin as Gaeilge, ceol traidisiúnta, sean nós is araile. Chum dalta ón triú bliain (Pól Ó Maoileáin) ríl (Ríl
- Chathair Cheallaigh – The Cahercalla Reel) agus seinnfidh sé an ríl sin ag an gceolchoirm freisin.
- Gléas Suas don Nollag – píosa spraoi don lá deiridh roimh na laethanta saoire. Gléasfaidh daoine suas. Baileoimid airgead ar son carthanas éigin.
- Feachtas póstaer do na daltaí ón gcéad bhliain.
- Díolachán Císte eagraithe ag an gCoiste.
Mí Eanáir
- Tús a chur le clár imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge
- Ciorcal Cainte a eagrú i Mí Feabhra le cúnamh Dé.
- Nasc a chur ar ár suíomh greasáin, lán le heolas faoi imeachtaí Gaeilge chomh maith le hábhar scoile Gaeilge, físeáin Ghaeilge, ceol as Gaeilge srl.
Mí Feabhra
- Ciorcal Cainte
- Cuairt ar bhunscoil áitiúil: Sceitse a dhéanamh leis na daltaí sa dara rang atá ag freastail ar bhunscoil na mBráithre (Na Trí Mhuc).
- Clár raidió ar Clare FM (seisiún ceoil agus comhrá)
Mí an Mhárta
- Seachtain na Gaeilge!
- Tráth na gCeist don Dara Bliain eagraithe ag lucht na hIdirbhliana
- Céilí don chúigiú bliain
- Cuairt ar bhunscoil áitiúil (Cill Mháille): Tráth na gCeist a eagrú don tríú rang-séú rang
- Comórtas Póstaeir chun Seachtain na Gaeilge a chéiliúradh (dearbháin mar dhuais)
- Ciorcal Cainte
Mí Aibreán
- Tobshlua – Teacht le chéile ag áit éigin (i lár an bhaile) agus damhsa seit/céime a dhéanamh. Bheadh ar na nGaeilge a bheith lárnach sa seó.
- Leath-Lá Spóirt le Coláiste Laurel Hill (Luimneach)
- Ciorcal Cainte
Mí na Bealtaine
- Taispeántas sleamhnán a chur le chéile le grianghraif agus le físeáin ó gach imeacht a rinneadh i rith na bliana. Bheadh sé le taispeáint ar líne.